Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
AN tSLÓVAIC – Nicole agus Nina

Bhunaigh Nicole agus Nina an cumann European Potential. Is mic léinn dlí iad araon in Ollscoil Trnava sa tSlóvaic.

Tríd an gcomhlachas sibhialta European Potential, tá sé mar aidhm acu aird a tharraingt ar an Aontas Eorpach, a luachanna, a phrionsabail agus a thosaíochtaí. Tugann an cumann aghaidh ar dhaoine óga go díreach chun eolas a roinnt faoi na deiseanna a chuireann an tAontas ar fáil, lena n-áirítear deontais, fóirdheontais, cistí an Aontais agus cineálacha éagsúla tionscadal, intéirneachtaí agus malartuithe. Baineann European Potential úsáid as líonraí sóisialta agus imeachtaí chun an fhaisnéis sin a scaipeadh agus chun daoine óga a spreagadh chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus rannpháirteacha.

Chomh maith le plé a eagrú le hionadaithe ó institiúidí agus eagraíochtaí Eorpacha, stiúrann European Potential ceardlanna i meánscoileanna freisin, rud a chabhraíonn le daltaí tuiscint a fháil ar an Aontas, a chomhlachtaí agus a róil agus a gcumhachtaí. Foghlaimíonn na rannpháirtithe faoi thábhacht na dtoghchán agus na rannpháirtíochta sibhialta, agus forbraítear a scileanna smaointeoireachta cruthaithí, cur i láthair agus obair bhuíne.

Bhunaigh Nina and Nicole an cumann chun aghaidh a thabhairt ar easpa na faisnéise cruinne faoin Aontas agus a chuid institiúidí ina bpobal. Níl aon tuairim ag mórán mac léinn ón tSlóvaic faoi na deiseanna atá curtha ar fáil ag an Aontas, lena n-áirítear intéirneachtaí in institiúidí Eorpacha.

De bharr a bpaisin, a ndíograise agus a gcreidimh láidir i gcumhacht na saoránachta eolasaí, tá Nicole agus Nina ag réiteach na slí do phobal níos eolasaí agus níos rannpháirtí laistigh dá n-ollscoil agus ar lecheile.eu.