Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
LIOSPÓIN – Vasco

Ar an gcéad chuairt a thug an tUachtarán Roberta Metsola, ghlac Vasco páirt i bplé le níos mó ná 80 duine óg ón bPortaingéil chun labhairt faoin Aontas Eorpach, faoin méid a bhfuil daoine óga ag súil leis agus faoi thodhchaí an daonlathais.

Ó shin i leith, tá Vasco ina bhall gníomhach de phobal Unidos.eu (lecheile.eu na Portaingéile) agus ba é a thionscnamh ‘Vótálaim’, a bhfuil sé mar aidhm aige an rannpháirtíocht shibhialta agus vótáil sna toghcháin a chur chun cinn, buaiteoir náisiúnta Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh in 2023.

Ní hamháin gur mian le Vasco go mbeadh daoine páirteach ann — tá sé ag iarraidh go gcloisfear guth gach duine faoin mbealach ina mbíonn cúrsaí á rith. Creideann sé go ndéanann iarrachtaí beaga ó gach duine ár ndaonlathas níos láidre.

Tugann tiomantas Vasco spreagadh dúinn brú ar aghaidh chun sochaí a chruthú ina mbeidh gach duine páirteach i múnlú ár dtodhchaí.

Creideann sé go ‘n-oibríonn an daonlathas níos fearr nuair a ghlacann gach duine páirt ann’. Aontaímid go huile is go hiomlán leis.  Tá sé seo ríthábhachtach do na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin in 2024. Ná déan dearmad: #ÚsáidDoVóta