Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
PÁRAS – Théo

Tá mé tiomanta don Aontas Eorpach ó bhí mé 17 mbliana d’aois. Tá mé rannpháirteach sa tionscadal Eorpach mar gheall ar mo chuid tuairimí pearsanta agus mo chreideamh i luachanna daonlathacha.

Is iad na cúiseanna ar tháinig mé isteach go lecheile.eu in 2020 ná chun an dóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn, an daonlathas a chosaint, an t-idirdhealú a chomhrac agus oibriú le hEorpaigh óga ar fud an Aontais. Cé gur as cúlraí éagsúla sinn, bímid ar aon intinn le chéile, agus is ar an gcúis sin gur fíorthaisce í an éagsúlacht atá laistigh dár bpobal lecheile.eu.

As na gníomhaíochtaí ar fad a rinne mé ar mhaithe leis an tionscadal Eorpach, is é lecheile.eu an ghníomhaíocht is fearr liom. Faighimid deis anseo imeachtaí a eagrú ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i bPáras agus páirt a ghlacadh in imeachtaí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus in Strasbourg. Tá cuimhní geala agam ar mo chuid gníomhaíochtaí i bParlaimint na hEorpa in éineacht le lecheile.eu agus molaim do gach duine óg ar spéis leo é a bheith páirteach linn.

Táim an-díocasach agus mé ag smaoineamh ar na tionscadail iomadúla a bhfuilimid le tabhairt fúthu ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i bPáras. Ba mhaith liom díospóireacht a eagrú idir na grúpaí polaitiúla Eorpacha go léir atá ag seasamh sa toghchán seo sa Fhrainc agus ár stair pholaitiúil uathúil Eorpach a chur i láthair do dhaoine óga. Ceapaim go n-éireoidh linn é sin a dhéanamh agus táim thar a bheith dóchasach faoin todhchaí agus faoin sprioc atá againn a chur i gcuimhne do dhaoine vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin in 2024. #ÚsáidDoVóta.