Time to connect!

Ní mór dúinn gníomhú ar son thodhchaí na hEorpa

Ruben is ainm dom, tá mé 26 bliana d’aois agus tar éis dom bunchéim a bhaint amachsa Léann Eorpach, thuig mé go bhféadfainn cur leis an méid a bhí foghlamtha agam.

Thosaigh mé ag cuardach faisnéise faoin Aontas Eorpach, conas a rialaítear é, an bealach ina bhfeidhmíonn sé, a institiúidí agus tar éis dom freastal ar an gCruinniú Eorpach um na hÓige 2021 ar líne, tháinig mé ar an ardán together.eu agus an ardán unidos.eu (lechéile.eu) ag an am céanna.

Tar éis dom clárú le lechéile.eu, thuig mé go bhféadfadh rochtain a bheith agam ar go leor imeachtaí,bíodh siad ina n-imeachtaí ina bhfuiltear i láthair go pearsanta, nó ar líne. D’fhreastail mé ar roinnt seimineár agus seimineár gréasáin agus taithí dochreidte a bhí iontu. Tá sé an-tarraingteach a bheith in ann smaointe agus eolas a roinnt i réimsí éagsúlaagus is féidir linn smaointe a chur isteach don ardán fiú.

Go deimhin, is féidir linn cur lenár n-eolas agus é a roinnt ó chian!

Is féidir leat freastal ar sheimineáir ghréasáin le feisirí éagsúla, idir fheisirí Portaingéalacha agus fheisirí eachtrannacha araon, eolas a fháil faoi imeachtaí eile atá ar siúl laistigh den Aontas nó iad a roghnú de réir  na n-ábhar a bhfuil suim agat iontu. Ina theannta sin, bíonn deis agat imeachtaí a roghnú nach bhfuil ar siúl i mBéarla, rud atá an-spéisiúil i mo thuairim toisc gur bealach é chun feabhas a chur ar do réimse teangacha.

I dtéarmaí ginearálta, cheap mé gur smaoineamh sár-chruthaitheach agus nuálach é. Sa tréimhse casta atá ann faoi láthair, tá sé dochreidte an deis a bheith agat páirt a ghlacadh ar ardán/ i bpobal cosúil le lechéile.eu toisc go dtugann sé rochtain duit ar bhealach nua chun eolas a fháil, rud a bhí níos deacra go dtí seo.

Measaim freisin go bhfuil an pobal an-inrochtana, agus mar gheall air sin tá sé molta agam cheana do roinnt daoine, in ainneoin ár gcúlra acadúil, nach féidir linn dearmad a dhéanamhgur Eorpaigh sinn ar fad.

Tháinig mé isteach sa phobal freisin toisc go bhfuilim ag iarraidh a bheith i mo shaoránach gníomhach i gcúrsaí Eorpacha agus cabhrú leis an méid is mó daoine is féidir, trí shoiléiriú a thabhairt dóibh maidir leis an mbealach ina bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach.


I mbeagán focal, ceapaim gur ardán Eorpach é do mhuintir na hEorpa.

Ruben