Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
AN RÓIMH – Pietro

Trí bheith i mo shaorálaí de chuid lecheile.eu, bíonn deis ar leith agam teagmháil a dhéanamh le hEorpaigh óga agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí tábhachtacha ar a bhfuil i ndán don Aontas.

Trí thionscnaimh de chuid lecheile.eu, bhí caoi agam ar chuairt a thabhairt ar institiúidí náisiúnta agus Eorpacha araon, mar ar tugadh léargas dom ar obair na n-institiúidí agus mar a raibh deis agam freisin tograí mo ghlúine a chur faoi bhráid na gcinnteoirí.

Buaicphointe amháin ba ea imeachtaí Europa Anno Zero [Eoraip na Bliana Nialais] a reáchtáladh in Spazio Europa sa Róimh in earrach 2022. Trí na himeachtaí sin, bhí caoi agam ar chaidreamh a dhéanamh le líonra de chumainn mac léinn ollscoile sa Róimh agus ar eolas a chur ar Ionaid sin Europe Direct atá sa chathair. Sa bhreis air sin, tríd an imeacht ar líne maidir leis an mbrústocaireacht shibhialta i mí Feabhra 2023, tugadh léargas luachmhar dom ar straitéisí cumarsáide éifeachtacha chun an tsaoránacht ghníomhach a chur chun cinn i measc daoine óga.

Tá an-tábhacht le lecheile.eu agus #ÚsáidDoVóta. Cabhraíonn siad linne aosánaigh léargas a fháil ar chinntí an Aontais. Ní ardán ar líne, agus é sin amháin, é lecheile.eu; pobal uile-Eorpach bríomhar agus gníomhach is ea é. Thug sé deis dom iarracht a dhéanamh, i dteannta daoine eile, ar lorg dearfach a fhágáil ar an am atá le teacht, agus táim meáite ar dhéanamh amhlaidh, go háirithe i gcás na dtoghchán Eorpach in 2024.