Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
POLAND – Kamil

Is mise Kamil, agus táim i bhfách leis an Aontas Eorpach le fada an lá. Téann an nasc láidir atá agam leis an Aontas Eorpach siar go dtí an uair a ghlac mé páirt sa chlár malartaithe Erasmus in Ollscoil Potsdam le linn gheimhreadh 2020/21. Chuir sé sin le mo scolaíocht, le mo scileanna teanga agus le mo líonra domhanda.

Is ball gníomhach de lechéile.eu mé, atá tiomanta do rannpháirtíocht an Aontais a chur chun cinn i measc daoine óga. Chomhoibrigh mé freisin le Fondúireacht Civis Polonus ar dhá thionscadal a bhain leis an Aontas Eorpach, trínar cuireadh le moltaí beartais le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

In 2022 agus in 2023, bhí ról lárnach agam i ndáil le Comhdháil Eorpach Chomhairlí na nÓg (ECYC) a eagrú i Vársá agus in Lublin, a raibh sé d'aidhm aici ról a thabhairt do shaoránaigh óga i dtionscadail i dtaca leis an Aontas. Is cúis bhróid dom ionadaíocht a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus molaim do dhaoine páirt a ghlacadh sa líonra lecheile.eu.

Is mórchúis bhróid agus áthais dom gur Polannach agus Eorpach araon mé. Is tábhachtach liom an tsaoirse, an dínit agus an ceartas, agus is geal liom go ndéanann an tAontas Eorpach na luachanna sin a choimirciú. Uime sin, ní mór dúinn cuimhneamh ar vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. #ÚsáidDoVóta in 2024!