An chéad Eoraip eile

Imre János is ainm dom agus rugadh mé in 2005 i Jászberény, baile beag san Ungáir, bliain tar éis don Ungáir a bheith ina ball den Aontas Eorpach. Chuaigh mé isteach i bpobal lechéile.eu agus mé i m’ambasadóir sóisearach. I mo chás féin, is deis é an pobal seo d’abhcóideacht idirnáisiúnta. Is pobal é ina bhfuilim in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl, ina bhfuil tábhacht ag baint le mo chuid smaointe agus lena spreagtar gníomhaíochtaí agus torthaí.

Mar dhuine óg, is mór agam na luachanna a chosaint, ar luachanna iad a léiríonn croílár na mbunchloch do lánpháirtiú na hEorpa, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus meas frithpháirteach ar thuairimí a chéile. Creidim go bhfuil todhchaí dhaonlathas na hEorpa bunaithe ar rannpháirtíocht níos mó do dhaoine sa chinnteoireacht, rud a éilíonn eolas sóisialta a mhéadú go leibhéal níos airde agus an t-oideachas a fhorbairt ar bhealach ina ndéantar é a oiriúnú do dhúshláin an lae inniu. 

Chun sochaí Eorpach chomhfhiosach agus fhreagrach a fhothú, measaim go bhfuil sé bunriachtanach geilleagar comhtháite a chruthú a bheidh bunaithe ar chomhar cobhsaí na ngníomhaithe, ar fhreagracht maidir le leas na sochaí agus ar chuntasacht maidir leis an gcomhshaol.