Scéalta cheannródaithe lecheile.eu:
AN tSLÓVAIC – Ema

Taithí thábhachtach ba ea domsa a bheith páirteach i bpobal lecheile.eu, taithí atá tar éis dul níos faide ná mo chuid staidéir acadúil sa chaidreamh idirnáisiúnta agus an taidhleoireacht.

Agus mé i m’oibrí deonach, bhí sé de phribhléid agam mé féin a thumadh i líonra dinimiciúil daoine paiseanta, líonra ina raibh malartú smaointe suimiúil ag baint le gach idirghníomhaíocht. Tríd an obair dheonach sin a dhéanamh, tá tuiscint dhomhain faighte agam ar fheidhmeanna casta na n-institiúidí Eorpacha agus ar chumhacht an chomhair.

Ní hí éagsúlacht na ndearcthaí amháin a dhealaíonn an pobal seo ó phobail eile, ach an tiomantas comhchoiteann atá ann freisin chun tuiscint níos doimhne a chothú maidir le cúrsaí domhanda. Trí thaithí chomhroinnte agus idirphlé, tá tuiscint níos fearr faighte agam ar chúrsaí an tsaoil. Agus mé ag obair leis an bpobal seo, bhí deis agam obair dheonach a dhéanamh ag an imeacht LevelUP! i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

Ina theannta sin, a bhuí leis an taithí seo, táim níos tiomanta agus spreag sé mé ról níos gníomhaí a ghlacadh chun ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú.