Agus mé rannpháirteach in lechéile.eu, chuaigh an luach daonna i bhfeidhm orm: cairdeas, teacht le chéile, líonrú, an deis chun tabhairt faoi dhúshláin nua, gealltanas pearsanta a thabhairt duit féin agus do dhaoine eile agus gan an méid sin a bheith ina chríoch ann féin, ach aiseolas praiticiúil ó na hinstitiúidí a bheith i gceist leis freisin.
Ag EYE 2021 d’éirigh liom páirt a ghlacadh ag bord oibre maidir le cearta an duine agus bhí mé in ann mo chuid tuairimí a chur in iúl i bParlaimint na hEorpa; a bhuí leis na hoifigí ionadaíochta Eorpacha sna Ballstáit bhí mé féin agus daoine óga eile in ann dul chuig scoileanna agus cúrsa faoi oideachas sibhialta Eorpach a thabhairt do na daltaí.
Is ionann an tsaoirse agus an rannpháirtíocht.
Is ionann an tsaoirse agus an rannpháirtíocht.